Ceolchoirm | Clare Sands // Lonesome George
2 Feabhra 2026
19:00 - 22:00
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
Clare Sands
Is fidléir den tséú glúin agus amhránaí dátheangach í Clare Sands ó Chorcaigh, Éire. Tarraingíonn sí go domhain ó cheol a sinsear, agus fíonn sí fréamhacha traidisiúnta Gaelacha le fuaimeanna agus tionchair chomhaimseartha. Tá baint dhomhain ag a hamhráin le háit, agus an teagmháil idir béaloideas, teanga agus gníomhaíochas le fonn ceoil. Tá cáil uirthi as a fuinneamh amh tógálach, agus tá spiorad neamheaglach mar a bheadh ag gaiscíoch aici, a spreagann agus a aontaíonn lucht féachana timpeall an domhain.

Chomh maith lena saothair nuálacha cheoil tá taibhithe spleodracha. Tugann Clare a lucht féachana léi ar aistear spreagúil lán dóchais, amhránaíochta, ceiliúrtha agus croí. Bhí sí ag féilte le deireanas, lena n-áirítear Féile Ceoil Tíre Glastonbury agus Cambridge sa Ríocht Aontaithe, Fête De la Musique sa Fhrainc, Festival Cervantino i Meicsiceo agus Port Fairy Folk Festival san Astráil.
Le halbam nua á eisiúint san fhómhar in 2026, níl aon chuma ar Clare go bhfuil sí ag moilliú. Is léiriú í ar chumhacht bhuan an cheoil daoine a aontú agus a spreagadh, trúbadóir don lá atá inniu ann, a théann i bhfeidhm i nglúiní agus cultúir éagsúla.
Lonesome George
Is grúpa cairde agus ceoltóirí iad Lonesome George atá lonnaithe i mBéal Feirste.
Is iad atá ann: Joe Campbell-McArdle, a bhfuil aithne mar Sheosamh Mac fosta (giotár & glór), Myles McCormack (maindilín & glór) , Catriona Ní Ghribín (bosca ceoil & glór), Fintan Mulholland (feadóg mhór & glór) agus Tommy Moynagh (bodhrán).
Úsáideann siad meascán fuaimeanna traidisiúnta agus comhaimseartha ina gcuid ceoil chun a bhfuaim uathúil féin a chruthú. Clúdaíonn a n-amhráin ábhari mar athrú aeráide, géarchéim na dteifeach agus meabhairshláinte.Bí ag súil le gach rud ó chomhcheol ilsraithe glóir go fuaimdhreacha dorcha diamhra rithim indamhsa ardfuinnimh stiúrtha ag rifeanna.
Tá siad i ndiaidh filleadh abhaile le deireanas ó chamchuairteanna ceoil sa tSín (2025) & i gCeanada (2024), agus bhí gigeanna acu in Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithie, Amstardam san Ísiltír agus Beirlín sa Ghearmáin le blianta beaga anuas.”Tráchtaireacht shóisialta agus pholaitiúil iontach fillte i mbrat de shíoda acústach le hidirghníomhú casta idir an fheadóg mhór agus na téada. A leithéid d’fhuam úrnua!” – John McSherry (The Olllam, At First Light)

Ionad imeachta
- 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann