Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceiliúradh Imbolc/Brigid

30 Eanáir 2026
19:00 - 23:00
CLG Muire na Dea-Chomhairle – Gaeil na Life, CLG Muire na Dea-Chomhairle - Gaeil na Life, Droimeanach, Bhóthar Mhic Dháibhéid, D12 AX61, Éire

Beidh Craobh Inse Chór de Chonradh na Gaeilge ag teacht le chéile le club CLG Mhuire na Dea-Chomhairle – Gaeil na Life le tacaíocht ó Dynamic Drimnagh & Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun ceiliúradh a dhéanamh ar Imbolc/Naomh Bríd.

Tá failte roimh dhaoine teacht ag an gclubtheach atá lonnaithe ar Bhóthar Mhic Dháibhéid, D12AX61 Dé hAoine, an 30 Eanáir ó 7pm ar aghaidh.

Beidh an ócáid ag tosú le grianghraif de na Brigids, Brídeanna, Bredas ón gceantar sa halla mór agus ina dhiaidh sin beidh taispeántais, ceardaíocht, léacht & ceardlann sa seomra cúil i dtimpeallacht dhátheangach.

Críochnófar an oíche le Pop-Up Gaeltacht agus seisiún ceoil sa bheár.

Scaipigí an scéal agus bígí linn ar an oíche!

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Craobh Inse Chór CnaG & Good Counsel Liffey Gaels GAA Club

Ionad imeachta

  • CLG Muire na Dea-Chomhairle - Gaeil na Life, Droimeanach, Bhóthar Mhic Dháibhéid, D12 AX61, Éire
Ceiliúradh Imbolc/Brigid
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta