Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceardlann le Macdara Ó Faoláin

1 Lúnasa 2026
10:00 - 13:00
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann

Is ceoltóir iluirlise é Macdara Ó Faoláin ón Rinn i gContae Phort Láirge. Ar a phríomhuirlis, an basúcaí, sheinn sé agus thaifead sé le cuid de na ceoltóirí is fearr sa cheol thraidisiúnta Ghaelach, lena n-áirítear Páraic MacDonnchadha, Derek Hickey, na Friel Sisters, Caoimhín agus Seán Ó Fearghaíl, Shane Meehan, Oisín Morrison, Conor O’Sullivan, Victoria Pierce agus Nell Ní Chróinín. Tig a mhioneolas ar an chomhcheol agus a theicníc shéimh uirlise le chéile lena stíl ar leith féin de thionlacan ar an bhasúcaí a chruthú.

D’ainmnigh NÓS a chéad cheirnín leathfhada aonair Do Shamhlaigh Mé Tír Nua… mar albam na bliana ar na mallaibh, agus d’ainmnigh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Macdara mar an ceoltóir uirlise tíre is fearr. D’ainmnigh TG4 Macdara mar cheoltóir óg na bliana in 2024, agus tá sé ag buanú a áite mar phearsa shuntasach i saol an cheoil traidisiúnta Ghaelaigh.

Tá an cheardlann seo deartha do cheoltóirí meánleibhéil agus ardleibhéil, agus cuireann sé ar fail deis ar dóigh le snas a chur ar do scileanna agus do thuigbheáil a dhoimhniú ar an cheol thraidisiúnta. I ndiaidh na ceardlainne, beidh deis agat cúpla fonn a sheinm le Macdara ag an cheolchoirm ar siúl sa Chultúrlann idir 14:30-15:30.

Déanfar an cheardlann trí Ghaeilge.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Cultúrlann Uí Chanáin
Ríomhphost: eolas@culturlann.org

Ionad imeachta

  • 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
Ceardlann le Macdara Ó Faoláin
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta