Ceardlann Ealaíne
6 Márta 2026
17:30 - 19:00
An Nead, 19/20 Sráid na Páirce, Baile Mhuineacháin, H18 TN88, Éire
Cuirfidh muid ceardlann ealaíne trí mheán na Gaeilge ar siúl do na clubanna óige uilig le flóta Gaelach a chur le chéile do Pharáid Lá Fhéile Pádraig.
Cuideoidh ealaíontóir proifisiúnta leis na clubanna óige le flóta tarraingteach a chur le chéile a cuirfidh an Ghaeilge i lár an aonaigh ag an pharáid.
Foghlaimeoidh na páistí scileanna ealaíne agus oibreoidh siad le chéile mar fhoireann le flóta ar chaighdeán ard a chur le chéile.
Cuirfidh an eispéireas seo le grá agus bród atá ag na páistí dá dteanga dúchais agus iad ag déanamh ionadaíochta don teanga go háirithe agus iad an t-aon flóta ar son na Gaeilge sa pharáid i gContae Mhuineacháin.

