‘Cath Idir an Pobal agus an Murder Machine’ leis an Dr Kerron Ó Luain
Beidh seoladh leabhar ‘Cath idir an Pobal agus an Murder Machine’ leis an Dr Kerron Ó Luain ar siúl in Aonach Mhacha ag 7:00 Dé hAoine 21 Lúnasa 2026.
Leabhar é seo a dhíríonn ar ghluaiseacht na Gaelscolaíochta agus ar an eagraíocht Gaeloideachas ó 1973 ar aghaidh.
Is staraí é an Dr Kerron Ó Luain as Ráth Cúil, Baile Átha Cliath. Chaith sé tréimhsí ag teagasc na staire agus na Gaeilge in ollscoileanna in Éirinn agus i Meiriceá. Le blianta beaga anuas, chuaigh sé i mbun taighde ar thionscadal dar teideal ‘Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta, c.1973-2023’ a mhaoinigh An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn, as ar eascair léarscáil dhigiteach idirghníomhach a léiríonn fás na hearnála agus atá ar fáil ar shuíomh DCU.
Tá an-spéis ag Kerron sa stair ón bhonn aníos, sa stair trí lionsa na Gaeilge agus i dtionchar cúrsaí aicme ar ghluaiseachtaí sóisialta forásacha.
Ionad imeachta
- 74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG, Tuaisceart na hÉireann

