Canaimis le chéile
12 Nollaig 2025
18:00 - 21:00
Plás McAuley, Bóthar na Solláin, Nás na Ríogh, W91 D62E, Éire
Is mian le Cill Dara le Gaeilge cuireadh a thabhairt do phobal ilteangach an cheantair a bheith linn chun an Nollaig a cheiliúradh tríd an gceol agus an amhránaíocht i McAuley Place Dé hAoine an 12 Nollaig idir 6 – 7 i.n.
Cuirfear fáilte roimh dhaoine fásta, páistí, teaghlaigh, seanchairde agus cairde nua lena dtraidisiúin agus amhráin a roinnt linn ina dteanga dhúchais.
Agus beidh cúpla píog mhionra, cúpla briosca sinsir agus cupán rud éigin te ar fáil leis!
