Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Campa Siamsaíochta Chomharchumann Shailearna Teo.

Inniu
10:00 - 14:00
Gach lá go dtí 14 Lúnasa 2026
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna), Na hAille, Cois Fharraige, Éire

Beidh Campa Siamsaíochta Chomharchumann Shailearna ar siúl in Amharclann Chois Fharraige ón Luan 10 Lúnasa go dtí an Aoine 14 Lúnasa 2026, ó 10:00 r.n. go 2:00 i.n. gach lá.
Tá an campa dírithe ar pháistí idir 8 agus 12 bhliain d’aois agus beidh béim ar an gcruthaitheacht, ar an tsamhlaíocht, ar obair foirne agus, thar aon rud eile, ar an spraoi.
Beidh an campa faoi stiúir Eoin Uí Dhubhghaill agus Oisín Parslow, agus beidh triúr aíonna speisialta ag obair leis na páistí i rith na seachtaine chomh maith. Tabharfaidh Síomón Ó Baoighill ceardlann drámaíochta agus cleasaíochta grinn, beidh Orlaith Ní Chearra i mbun damhsa agus beidh Ionia Ní Chróinín ag tabhairt blaiseadh den phuipéadóireacht do na páistí.

Sonraí an champa

Dátaí: 10–14 Lúnasa 2026
Am: 10:00 r.n.–2:00 i.n. gach lá
Aois: 8–12 bhliain
Ionad: Amharclann Chois Fharraige, H91 W925
Táille: €75 an gasúr don tseachtain iomlán

Spásanna teoranta! Cuir áit in áirithe ar Eventbrite: https://campacst.eventbrite.ie

Ba chóir do gach páiste lón pacáilte a thabhairt leo gach lá.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Amharclann Chois Fharraige
Ríomhphost: amharclann@cst.ie

Ionad imeachta

  • Na hAille, Cois Fharraige, Éire
Campa Siamsaíochta Chomharchumann Shailearna Teo.
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta