Campa Cumadóireachta le Fighting Words
Campa Cumadóireachta Ceol agus Amhránaíocht le Fighting Words 27-29 Iúil 2026
Campa samhraidh trí lá a bheidh anseo, dírithe ar dhéagóirí aois 13-17 bliain a bhfuil suim acu amhráin nua a scríobh agus ceol nua a chumadh.
‘Siad Bríd-Treasa Ní Ghaoithín agus Colm Quearney ó Fighting Words a bheidh i mbun an Champa le meantóireacht ó Éabha Breathnach agus Colm Seoighe, beirt amhránaithe óga atá ag scríobh a gcuid amhrán agus a gcuid ceoil féin i nGaeilge le fada. Is comhpháirtíocht é seo idir Fighting Words agus Comharchumann Shailearna Teo. Beidh an Campa ar siúl in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna).
Deis a bheidh anseo d’ógánaigh an cheantair iad féin a chur in iúl trí liricí agus trí cheol ina dteanga dhúchais. Beidh saoirse ag rannpháirtithe a gcuid uirlisí ceoil a thabhairt leo agus a bheith cruthaitheach agus gheobhaidh siad neart tacaíochta ón bhfoireann.
- Dé Luain 27 Iúil 2026, 10.00-14.00
- Dé Máirt 28 Iúil 2026, 10.00-14.00
- Dé Céadaoin 29 Iúil 2026, 10.00-14.00
Caithfidh na déagóirí lón (bia agus deoch) a thabhairt leo chuig an gcampa gach lá.
Sa gcás agus go mbeadh éileamh mhór ar an gCampa, tabharfar amach spásanna ar bhonn crannchuir.
Ár mbuíochas le hEalaín na Gaeltachta agus Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga as ucht a gcuid tacaíochta leis an gcampa seo

