Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Camchuairt Cheoil – Drawing from the Well

1 Samhain 2025
20:00 - 22:45
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna), Na hAille, Cois Fharraige, Éire

Costas na dticéid: €15

An dtaitníonn ceol traidisiúnta leat? Beidh an chamchuairt ceoil mór le rá, ‘Drawing from the Well’ atá curtha i láthair ag ITMA ag teacht go Conamara. Bígí linn d’oíche cheoil, amhránaíochta agus damhsa traidisiúnta ó cheathrar de mhórealaíontóirí traidisiúnta na hÉireann; Mary Bergin (feadóg stáin), John Blake (feadóg mhór, giotár), Conor Connolly (bosca ceoil), Caoimhe Ní Mhaolagáin (rince). Gealltar gur oíche den chéad scoth a bhéas ann.

Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Tommy Keane agus Jaqueline McCarthy ann freisin mar aíonna speisialta na hoíche. Ná caill amach ar an oíche seo!
Tosóidh an cheolchoirm ag 8 i.n. (doirse ag 7:30i.n.) ar an Satharn an 1 Samhain in Amharclann Chois Fharraige (seanscoil Sailearna).

https://www.tickettailor.com/events/irishtraditionalmusicarchive/1844797

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Comharchumann Shailearna
Ríomhphost: amharclann@cst.ie

Ionad imeachta

  • Na hAille, Cois Fharraige, Éire
Camchuairt Cheoil – Drawing from the Well
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta