Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Caint Lóin le coimeádaí an taispeántais ‘Créatúir na Cartlainne’

12 Márta 2026
13:00 - 15:00
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Cearnóg Mhuirfean Thiar, Cathair Bhaile Átha Cliath, Éire

Bígí linn don chaint spéisiúil seo faoin taispéantas Créatúir na Cartlainne, le coimeádaí Marie Lynch, ag diriú ar na saothair, ar na healaíontóirí agus ar choincheap an taispeántais. Beidh neart saothair spéisiúla ó chartlann an Ionaid um Staidéar ar Ealaín na hÉireann le feiscint mar chuid den ócáid seo.

Déanann Créatúir na Cartlainne ceiliúradh ar an gcaidreamh atá againn le hainmhithe mar ábhar áthais, grinn, iontais, spreagtha agus comhluadair. Tá créatúir bhídeacha, beithígh allta agus na peataí is ansa linn le fáil i gcartlanna an Ionaid um Staidéar ar Ealaín na hÉireann; faoi cheilt i leabhair sceitseála agus i litreacha maisithe, nó i lár an aonaigh i bpictiúir uiscedhatha agus in maquettes. Tá léargas sa bhreis le fáil sa Ghaeilge ar an nasc atá againn le hainmhithe. Cuirtear críonnacht agus seanchas in iúl le focail ghreannmhara agus allabhracha amhail bearrthóir agus cluasachán, agus le seanfhocail fhileata na Gaeilge. Nochtann focail choitianta agus focail atá ligthe i ndearmad caidreamh spraíúil, báúil agus géarchúiseach le neacha beo – caidreamh a léirítear go soiléir arís agus arís eile i gcartlanna ealaíontóirí.

Tá an ócáid saor in aisce, ach ní mór duit áit a chur in áirithe roimh réidh.

Tuilleadh eolais


Ionad imeachta

  • Cearnóg Mhuirfean Thiar, Cathair Bhaile Átha Cliath, Éire
Caint Lóin le coimeádaí an taispeántais ‘Créatúir na Cartlainne’
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta