Buntreoir ar scríobh amhrán le John Spillane!
9 Bealtaine 2026
10:30 - 12:00
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
Bí le John Spillane don cheardlann scríbhneoireachta léargasach agus réchúiseach seo i gCultúrlann Uí Chanáin Dé Sathairn an 9 Bealtaine, ó 10.30 go 12 meán lae. Tá clú agus cáil ar scríbhneoireacht John as a liricí, tionlacan, séiseanna, agus achan rud idir eatarthu. Cibé acu atá tú ag toiseacht amach nó tá bailiúchan amhrán agat cheana féin, beidh neart i ndán duit le linn an tseisiúin speisialta seo. Tá spásanna teoranta, mar sin ná caill amach agus cuir do spás in áirithe inniu!
Beidh an cheardlann seo i nGaeilge. Is féidir leat d’uirlis a thabhairt leat más féidir, ach níl sé riachtanach.
Sonraí Teagmhála
Eagraí: Cultúrlann Uí Chanáin
Ríomhphost: eoals@culturlann.org
Guthán: +44 287 126 413 2
Ionad imeachta
- 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann

