Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bernie Pháid, Éamonn agus Cormac De Barra agus Nada Ní Chuirrín

9 Deireadh Fómhair 2025
19:30 - 21:30
Plás McAuley, Bóthar na Solláin, Nás na Ríogh, W91 D62E, Éire

Tagann an ceathrar ceoltóirí aitheanta seo le chéile chun saibhreas an traidisiúin a thabhairt chun beatha. Is as Corca Dhuibhne don amhránaí Bernie Pháid, a bhfuil binneas leochaileach sa tslí ina dtugann sí uaithi na hamhráin. Tógadh i dtraidisiún na n-amhrán í, rud a thagann trasna ina cumas nádúrtha scéalaíochta.

Síolraíonn na deartháireacha Cormac agus Éamonn de Barra ó cheann de na tithe is ceolmhaire i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil traidisiún fada ceoil den scoth ag a dteaghlach. Tá clú agus cáil ar an mbeirt acu as a gcuid máistreachta ar uirlisí ceoil agus a gcumas an lucht éisteachta a mhealladh. Cruitire cumasach is ea Cormac a thugann casadh nuálaíoch don traidisiún lena chláirseoireacht bhríomhar, fhuinniúil. Is duine de mhór-cheoltóirí na tíre ar an bhfeadóg mhór agus ar an méarchlár é Éamonn, a bhfuil ard-scileanna cumadóireachta aige agus cur i láthair mealltach aige.

Rinceoir sean-nóis agus ceoltóir is ea Nada Ní Churrín a bhfuil clú agus cáil uirthi. I 2018, bhuaigh sí Corn TG4, an comórtas rince sinsearach ar an sean-nós ag Oireachtas na Samhna. Ina theannta sin, tá teidil Uile-Éireann buaite ag Nada do cheol traidisiúnta na hÉireann agus rince ar an sean-nós ag Fleadh Cheoil na hÉireann.

Tá an ceathrar seo faoi anáil cheoil a mhuintire, le suim faoi leith sa dúchas a síneadh chucu. Cruthaíonn siad fuaim beomhar atá fréamhaithe sa traidisiún, a mheallann agus a spreagann an lucht éisteachta. Beidh oíche den scoth ann idir cheol, amhráin agus rince.

Tuilleadh eolais: www.cilldaralegaeilge.ie

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Cill Dara le Gaeilge

Ionad imeachta

  • Bóthar na Solláin, Nás na Ríogh, W91 D62E, Éire
Bernie Pháid, Éamonn agus Cormac De Barra agus Nada Ní Chuirrín
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta