BEO – Oíche Ceiliúrtha Pobail
Is oíche siamsaíochta agus ceiliúrtha é BEO, a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge bheo agus láidir atá sa cheantar áitiúil. Is imeacht pobail oscailte é atá dírithe ar theaghlaigh, ar dhaoine óga agus ar dhaoine fásta, agus a chuireann an Ghaeilge i láthair mar theanga bhríomhar, chruthaitheach agus chomhaimseartha.
Beidh clár éagsúil siamsaíochta agus gníomhaíochtaí ar fáil don oíche, oiriúnach do gach aois agus gach leibhéal cumais Gaeilge. Cruthóidh sé seo spás ina mbeidh daoine ábalta páirt a ghlacadh ar a leibhéal féin, cibé acu trí éisteacht, trí fhoghlaim nó trí úsáid ghníomhach na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag BEO an obair agus an fuinneamh atá ar bun sa phobal Gaeilge áitiúil a léiriú agus a cheiliúradh, muinín agus bród teanga a chothú, agus deis a thabhairt do theaghlaigh agus don phobal i gcoitinne oíche thaitneamhach shóisialta a chaitheamh le chéile trí mheán na Gaeilge. Tá an iméacht seo i bPáirc Uí hÉllí mar oíche don phobail.
Sonraí Teagmhála
