Ardán 2026
Ardán 2026
Grúpaí Pobail Áitiúla ar Ardán Náisiúnta
Tar éis 65 bliain den Chomórtas Náisiúnta, leagann ‘Ardán’ amach treo nua chun go leanfaidh spiorad an chomórtais ar aghaidh do na glúnta atá le teacht.
Cad é Ardán?
Ardán is ainm do chomórtas úrnua Ghlór na nGael le haghaidh grúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta. Tá sé mar aidhm ag Ardán bród, athneartú agus forbairt a spreagadh in earnáil dheonach na Gaeilge agus na Gaeltachta trí dhea-chleachtas a aithint agus a roinnt.
Tá duaischiste iomlán de €83,000 ag gabháil leis an chomórtas nua seo €20,000 don chéad áit agus €10,000 don dara háit, chomh maith le 32 DUAIS in 8 gCatagóir €3000 do bhuaiteoir na catagóire agus 3 x €1000 mar dhuaiseanna tánaisteacha i ngach catagóir.
Bronnfar 10 nduais speisialta de €500 agus péire ticeád saor in aisce don mhórócáid ar ghrúpaí a léirigh dul chun cinn as cuimse nó a rinne éacht faoi leith le linn na bliana ach nach bhfuair áit ar an ghearrliosta
Tuilleadh anseo
