Ar Theacht an tSamhraidh
Beidh Coláiste Bhríde Rann na Feirste ag ceiliúradh 100 bliain in 2026. Ó thosaigh na cúrsaí samhraidh, chuaigh na sluaite ó chathair Dhoire ann ar an traein go Croithlí nó ar bhusanna corracha Loch Súilí agus iad ar bís le bheith ar ais arís sa Ghaeltacht.
Is cuid dár stair cultúrtha agus sóisialta na cuimhní cinn seo agus ba chóir dúinn iad a choinneáil do na glúnta a thiocfas inár ndiaidh.
Tá sé ar intinn againn oíche airneáil a reáchtáil ina mbeadh seans acu siúd a chuaigh ann sna 60idí agus na 70idí – sula raibh na meáin shóisialta againn – na scéalta a insint, cá háit ar stop siad, cé hiad na múinteoirí a bhí acu, na céilithe srl. Beidh na scéalta a insint, beidh ceol againn agus má tá fonn agus folláine orainn seans go mbeidh céilí againn fosta.
Sonraí Teagmhála
Ionad imeachta
- 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
