Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Aqua Céilí

13 Márta 2026
18:30 - 19:15
Shráid Sheáin Mhic Dhiarmada Íochtarach, Muinseo, Cathair Bhaile Átha Cliath, D01 HW44, Éire

Is imeacht cultúrtha uisceach é Aqua Céilí – cuirfear ar siúl é i Linn Snámha Shráid Sheáin Mhic Dhiarmada i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath ar an 13 Márta. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe damhsaí céilí san uisce, in atmaisféar dearfach, taitneamhach agus beomhar! Bhí an-rath ar gach Aqua Céilí go dtí seo agus tá an-áthas orainn ár dtríú ceann a reáchtáil le linn Seachtain na Gaeilge.

Tabharfar na treoracha go léir as Gaeilge, tá fáilte roimh éinne ó chúpla focal go líofa. Tabharfar gach tacaíocht duit, is cuma muna bhfuil agat ach cúpla focal Gaeilge agus muna bhfuil taithí snámh agat. Is é sprioc an imeachta ná nasc dearfach a chruthú idir an Ghaeilge agus an t-uisce, agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn ar bhealach nuálach. Sin é an bua mór atá leis an ócáid – ní chaithfidh Gaeilge ná snámh a bheith agat chun páirt a ghlacadh!

Praghas na dticéad ná €5, agus chomh maith leis sin, baileofar an t-airgead go léir ar chúis mhaith. Cuirfear tae, caife agus cístí ar fáil i ndiaidh an imeachta ionas go bhfuil deis ag na rannpháirtithe labhairt lena chéile.

Tá an nasc le híoc as ticéid ar fáil sa bio ar Instagram ag @Gael_linn, nó is féidir ríomhphost a chur chuig kate@gael-linn.ie, nó is féidir clárú ag an bhfáiltiú i Linn Snámha Shráid Sheáin Mhic Dhiarmada.

Bígí linn don chraic, don cheol agus don rince — san uisce i gcroílár na cathrach! Ná cailligí amach!

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Gael Linn | Linn Snámha Shráid Sheáin Mhic Dhiarmada
Ríomhphost: kate@gael-linn.ie

Ionad imeachta

  • Muinseo, Cathair Bhaile Átha Cliath, D01 HW44, Éire
Aqua Céilí
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta