Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Aqua Céilí le Ceacht Snámh trí Ghaeilge – Gaelscoileanna

10 Márta 2026
09:30 - 10:15
Linn Snámha Shráid Sheáin Mhic Diarmada, 34 Sráid Sheáin Mhic Diarmada, Cathair Bhaile Átha Cliath, D01 T0H9, Éire

Ar an 10 Márta le linn Seachtain na Gaeilge, beidh Aqua Céilí le ceacht snámh trí Ghaeilge á chur ar fáil ag Gael Linn i gcomhpháirt le Linn Snámha Shráid Sheáin Mhic Diarmada do ghaelscoileanna áitiúla i mBaile Átha Cliath!

Cuireann an t-imeacht an Ghaeilge, aclaíocht uisceach agus pobal le chéile trí cheiliúradh áthasach le gluaiseacht, ceol agus rannpháirtíocht.  Nascann sé cultúr na hÉireann le gníomhaíocht uisceach agus spreagann sé páistí chun dul i mbun leis an nGaeilge agus aclaíocht uisceach i measc atmaisféar réchúiseach, spraíúil agus cuimsitheach.

Beidh ceacht snámh trí Ghaeilge mar phríomhchuid den imeacht agus leanfaidh aqua céilí an ceacht mar dheireadh taitneamhach

Beidh an t-imeacht seo an cheathrú Aqua Céilí atá á reáchtáil ag Gael Linn agus Linn Snámha Shráid Sheáin Mhic Diarmada agus bhí rath iontach ar gach ceann acu. Bhí an smaoineamh againn ceacht snámh a chur ar fáil trí Ghaeilge do Ghaelscoileanna áitiúla i mBaile Átha Cliath mar chuid den chlár snámha atá siad ag tabhairt faoi le Linn Snámha Shráid Sheáin Mhic Diarmada.

Deonófar an t-airgead go léir a thuillfidh muid ar an lá do hionad cúram lae Lourdes. Má tá tuilleadh sonraí de dhíth, nó má tá suim agat ceachtanna snámha trí Ghaeilge nó Aqua Céilí a eagrú linn, ná bíodh drogall ort teacht i dteagmháil le Kate – kate@gael-linn.ie 

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Gael Linn | Linn Snámha Shráid Sheáin Mhic Dhiarmada
Ríomhphost: kate@gael-linn.ie

Ionad imeachta

  • 34 Sráid Sheáin Mhic Diarmada, Cathair Bhaile Átha Cliath, D01 T0H9, Éire
Aqua Céilí le Ceacht Snámh trí Ghaeilge – Gaelscoileanna
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta