‘AONTAS’ – Scannán i nGaeilge
12 Márta 2026
20:15 - 22:00
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna), Na hAille, Cois Fharraige, Éire
Triúr ‘gadaithe’ a théann i gcomhpháirt le chéile le Comhar Creidmheasa beag faoin dtuaith a robáil. An té i gceannas, tá sí ar tí a meabhair a chailleadh. Titeann an tóin as a bplean. Tugtar siar muid agus feiceann muid céard ba chúis leis an míse. Cuntas atá ann ar bhean stobarnáilte, a bhfuil an saol iompaithe ina haghaidh. Tá 6 ainmniúchán fáighte ag AONTAS do ghradam IFTA, ainmniúchán don scannán is fearr ina measc.
Damien Mc Cann a stiúrthaigh an scannán íontach seo agus i measc na n-aisteoirí tá Carrie Crowley, Bríd Brennan, Eva-Jane Gaffney agus Seán T. Ó Meallaigh.
