An Fathach Leithleasach
Is scéal draíochta é seo faoi Fhathach cantalach leithleasach a ruaigeann páistí óna ghairdín álainn, agus ina gcastar a shaol bun os cionn – an osclóidh an fathach cantalach a chroí agus a ghairdín a roinnt riamh arís?
Bunaíodh an scéal ar The Selfish Giant le Oscar Wilde agus beidh lucht féachana idir óg agus aosta faoi dhraíocht ag domhan lán d’ainmhithe, plandaí agus crainn draíochta, áit a mbíonn gasúir, fathach cantalach agus sióg dhiabhalta ag canadh agus ag damhsa sa ghairdín neamhshaolta sin.
Beidh léirithe comhtháite comharthaíochta (ISL) ar fáil ar an 6 Nollaig ag 7 i.n. agus ar an 7 Nollaig ag an matinée ag 3 i.n.
Beidh léiriú suaimhneach ann freisin ar an 14 Nollaig, agus rochtain i mBéarla trí Sibrwd , an aip rochtana teanga arna forbairt ag Theatr Cymru. Is féidir lenár lucht féachana an aip a íoslódáil chuig a bhfóin chun fotheidil i mBéarla agus i nGaeilge a fháil. Tá an aip deartha chun an seó a dhéanamh éasca le leanúint, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat.
Bíonn seónna scoile ar siúl ó Mháirt go hAoine. Beidh seónna don phobal ar siúl tráthnóna Aoine, Satharn agus Domhnach.
Is féidir ticéid do léiriú suaimhneach a chur in áirithe san oifig ticéad sa Taibhdhearc, nó glaoch ar 091357011. Mar eolas, beidh caidreamh ag na haisteoirí agus a gcuid ainmhithe beaga cairdiúla leis an lucht féachana san amharclann.
Más mian leat suí in áit nach mbeadh aon rannpháirtíocht i gceist léi, cuir in iúl dúinn agus déanfaimid cinnte go ndéanfar do shuíocháin a chur in áirithe dá réir.
Más rud é go bhfuil tú ag réamh-áirithint páirceála i Hynes’ Yard, is féidir leat an cód AFL10 a úsáid chun 10% de lascaine a fháil!
Ionad imeachta
- An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Cathair na Gaillimhe, H91 E2V3, Ireland
