Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An Crann Sí le Gráinne Holland

1 Feabhra 2026
13:30 - 14:30
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann

Seasann An Crann Sí deireanach leis féin i bpáirc mhór i gcroílár na tuaithe. Tá an crann ársa, draíochtúil seo i gcontúirt. Ba mhaith leis an tiarna talún é a leagan chun mótarbhealach a thógáil, rud a dhúnfaidh an doras idir an domhan seo agus domhan na sí go deo. Chun cuidiú leo an crann a thabhairt slán, iarrann na daoine maithe cuidiú ar á gcairde cleiteacha—an t-ulchabhán críonna, an spioróg ghéar, an préachán glic, agus an dreoilín beag cróga. Le chéile, ní mór do na héin seo slí a aimsiú chun An Crann Sí deireanach a chosaint sula n-imíonn a dhraíocht go deo. Ceoldráma croíúil lán le heachtraí, cairdeas, agus draíocht an dúlra, léirithe ag Corcra Media.

Beidh an seó seo as Gaeilge.

£6 an páiste agus duine fásta coimhdeachta saor in aisce. Daoine fáste breise £5 an duine.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: IMBOLC 2026
Ríomhphost: eolas@culturlann.org

Ionad imeachta

  • 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
An Crann Sí le Gráinne Holland
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta