Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An Chomhdháil ar Litríocht agus Chultúr na Gaeilge

3 Deireadh Fómhair 2025
10:00 - 16:00
Ollscoil na Gaillimhe, Bóthar Na hOllscoile, Cathair na Gaillimhe, H91 TK33, Éire

Tabharfaidh an Dr Úna Bhreathnach agus an Dr Andrea Palandri ceardlann ar an Aoine 3 Deiradh Fómhair ag Comhdháil na Gaillimhe maidir le Taisce Chanúintí na Gaeilge: an togra Canúint.ie.

Beidh baill eile fhoireann Gaois ag tabhairt cainteanna éagsúla an lá céanna, Diarmaid Ó Maoileoin ag labhairt ar chlár náisiúnta sráidainmneacha, spléachadh á thabhairt ag Alma Ní Bhroin ar scéalta a bailíodh in Árainn, Aoife Ní Laoire ag caint ar chlár digiteach amhrán agus leagan Gaeilge de At Swim-Two-Birds á phlé ag Jeaic Mag Fhinn.

Beidh baill eile na scoile i láthair freisin agus Caoimhe Nic Lochlainn agus Gearóidín Uí Laighléis ag labhairt ar Mhná an Ghúim agus Deirdre Nic Mhathúna ag tabhairt aoiléachta ar údair an Bhlascaoid agus gníomh na scríbhneoireachta. Beidh Brianán Ní Bhuachalla ag caint ar aircitíopa an chleasaí i litríocht na Nua-Ghaeilge Moiche agus beidh Pádraig Ó Liatháin ag labhairt ar théamaí éagsúla i ndialanna Uí Ríordáin.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Gaois

Ionad imeachta

  • Bóthar Na hOllscoile, Cathair na Gaillimhe, H91 TK33, Éire
An Chomhdháil ar Litríocht agus Chultúr na Gaeilge
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta