An Chéad Ghlúin Eile
Máire & Étáin Ní Churraoin le Jennifer Leahy Harpist agus aíonna speisialta (Doirse 7.30i.n.)
Is amhránaithe ar an Sean-Nós, cainteoirí dúchais Gaeilge agus deirfiúracha ón nGaeltacht iad ‘An Chéad Ghlúin Eile’. Bhain Étáin agus Máire Ní Churraoin an chéad áit amach i gcomórtas teaghlaigh TG4 ‘Réalta agus Gaolta’ i 2019. Seanuncail leo ab ea an t-amhránaí clúiteach Darach Ó Catháin. Bíonn an bheirt ag taibhiú leo ar stáitsí ar fud fad na tíre, an domhain mhóir agus ar an teilifís. ‘Cá’il an Bheirt?’ atá ar a gcéad dlúthdhiosca! Bíonn na deirfiúracha gníomhach ar na meáin shóisialta ag cur cultúr agus oidhreacht na nGael chun cinn! Is baill iad Étáin agus Máire den bhanna idirGhaeltachta ‘Bláth na hÓige’ a bhuaigh RTÉ Folk Award do Folk Track na bliana 2024 agus den bhanna ‘Aibhse’.
Ár mbuíochas le hEalaín na Gaeltachta as ucht an tacaíocht leis an gceolchoirm seo.

