An Bál Aiteach
20 Meitheamh 2026 - 21 Meitheamh 2026
18:30 - 00:00
McGrattan’s Pub, McGrattan's Pub, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02 R206, Éire
Is é an Bál Aiteach an t-imeacht pobail is glioscarnaí, is spraíúla agus is cruthaithí sa mbliain le haghaidh phobal aiteach na Gaeilge. Cuirfidh muid fáilte romhaibh ón 18:00 ar aghaidh, imreoidh muid cluichí spraíúla le tús a chur le himeachtaí an lae roimh an mBál féin agus muid ag glacadh inspioráide ó na báil in Harlem sna 1980idí.
Gléasfaidh daoine de réir catagóire:
Catagóir 1: Gráinne Seodra 💎
Catagóir 2: Táimse i mo chulaith 🕴️
Catagóir 3: Tiocfaidh ár mbláth 💐
Catagóir 4: Seo mo Spás 👽
Tá muid ag súil go mór le sibh a fheiceáil ann!
Sonraí Teagmhála
Eagraí: Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath

