Aisteoirí an Bhaile ar stáitse le dhá dhráma
7 Feabhra 2026
19:30 - 22:30
Áras Phobail Chorr na Móna, Áras Phobail Chorr na Móna, Corr na Móna, F12 E183, Éire
Tá Aisteoirí an Bhaile ar ais ar stáitse ag le dhá dhráma An Deoraí agus Wake in the West.
Scríobh an drámadóir Mhaigh Cuilinn Lorcán Ó Tuathail an dráma Gaeilge An Deoraí, i dtús na 1900í mar agóid i gcoinne imirce agus tá sé bunaithe ar n‘American Wake’. Tá Cáit ag dul go Meiriceá, meallta ag scéalta faoin saol breá. Bailíonn na comharsana le slán a fhágáil ag an ‘American Wake’, lán ceoil, craic & ól. Cnag ar an doras – ní mar a shíltear a bhítear.
Sa dráma Béarla ‘Wake in the West’ scríofa ag Michael J Ginnelly casann muid le clann agus comharsana Tom Healy agus iad ag streachailt chun a mian deiridh a chomhlíonadh – bheith curtha san fharraige. Tá an dráma lán le díobháil, míthuiscintí agus athbheochan ar shean chaidreamh.
Sonraí Teagmhála
Eagraí: Aisteoirí an Bhaile
