Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

ÁINE NÍ GHLINN: AGALLAMH POIBLÍ

17 Samhain 2025
18:00 - 19:00
Books Upstairs, 17, Sráid D'Olier, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02 WN62, Éire

File, drámadóir agus scríbhneoir do dhaoine óga í Áine Ní Ghlinn.

Tá 38 leabhar scríofa aici – pictiúrleabhair, drámaí do pháistí, scéalta agus úrscéalta do Iéitheoirí óga agus do dhéagóirí, cnuasaigh filíochta do pháistí agus do dhaoine fásta. Bhí sí mar Laureate na nÓg ó 2020 go dtí 2023. Chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir meánscoile ach d’éirigh sí as le bheith ina hiriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta.

Tá go leor gradam buaite aici. Bronnadh Gradam Réics Carló Leabhar na Bliana, Gradam Ficsin Leabhair Pháistí Éireann agus Gradam Leabhar na Bliana de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann ar Daideo. Bronnadh Gradam Ibby ar Brionglóidí agus tá go leor duaiseanna eile buaite aici dá saothar drámaíochta agus filíochta agus dá húrscéalta do pháistí.

Tonight IMRAM is proud to present Áine in conversation about her remarkable life and work with critic and writer Professor Michael Cronin.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Féile IMRAM
Ríomhphost: eolas@imram.ie

Ionad imeachta

  • 17, Sráid D'Olier, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02 WN62, Éire
ÁINE NÍ GHLINN: AGALLAMH POIBLÍ
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta