AerachAiteachGaelach ag Féile na gCúig Lampa
11 Aibreán 2026
11:00 - 21:00
Cathair Bhaile Átha Cliath, D01, Éire
Tá gliondar orainn páirt a ghlacadh i bhFéile na gCúig Lampa i mbliana. Beidh féile dhá lá ag AerachAiteachGaelach laistigh den fhéile mhór agus 6 cinn d’imeachtaí spraíúla, cultúrtha, aiteacha againn.
Tá €10 ar gach imeacht aonair nó is féidir TICÉAD FÉILE a fháil ar €50 (€40 le haghaidh bhaill de chuid AAG). Leis an ticéad féile, gheobhaidh tú bealach isteach i ngach ceann de na sé imeacht iontacha atá pleanáilte againn.
Mura ball tú le hAerachAiteachGaelach, smaoinigh ar bhallraíocht a ghlacadh linn. Tá fáilte roimh chách, idir aiteach agus díreach, agus cabhraíonn gach síntiús linn. Níl air ach €10 mar sin dhéanfadh tú do chuid airgid ar ais láithreach!
Féach ar amchlár na féile anseo

