An príomhdhualgas atá ag an gCoimisinéir Teanga ná monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí agus gach beart riachtanach a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht. Is é Séamas Ó Concheanainn atá sa phost faoi láthair.
