Aithnítear Baile Seirbhíse Gaeltachta mar bhaile ina bhfuil daonra 1,000 duine ar a laghad atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta/cóngarach dó, agus a bhfuil ról suntasach aige maidir le seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus fóillíochta a sholáthar do dhaoine sa cheantar sin.