Is Amharclann Náisiúnta na Gaeilge é Taibhdhearc na Gaillimhe, a bhunaíodh i 1928 mar láthair d’ócáidí agus do dhrámaí Gaelacha go ginearálta. Táthar ag cur i gcónaí leis an réimse siamsaíochta idir dhamhsa, ceoldrámaí, oícheanta ceoil agus réimse leathan drámaíochta ar feadh na bliana.
