Stiúrthóir, Ceathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath
Is í an fhís reatha ná ceathrú Ghaeilge uirbeach a fhorbairt i gcroílár Bhaile Átha Cliath leis an teanga a chur chun cinn, í a bheith le feiceáil agus á labhairt go beo beathach sa cheathrú agus chuige sin tá sé i gceist againn Stiúrthóir ar an tionscadal piolótach le tacaíocht a chur ar fáil do Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath a fhostú ar chonradh trí bliana leis an bhfís a fhíorú.
Tá an tionscadal píoltóch seo á fhorbairt ag Conradh na Gaeilge i gcomhair le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá sé de sprioc ag an tionscadal nua seo an Ghaeilge a dhaingniú mar phríomhtheanga na Ceathrún trí éiceachóras cultúrtha, oideachais agus pobail a fhorbairt, i dteannta le bealaí inbhuanaithe a chruthú chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, agus meitheal chomhoibrithe a bhunú ar mhaithe le forbairt na Ceathrún Gaeilge mar eiseamláir náisiúnta barrfheabhais agus mar mhúnla inaistrithe.
Cur síos ar an bpost
Faoi stiúir Ard-Rúnaí agus Bhuanchoiste an Chonartha, beidh na dualgais seo a leanas ar an Stiúrthóir :
- Pleanáil agus tuairisciú go rialta le Grúpa Oibre an Tionscadail (le ballraíocht ó Chonradh na Gaeilge, ó Chomhairle Cathrach BÁC agus ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair BÁC)
- Bainistíocht a dhéanamh ar an tionscadal tacaíochta píolatacha – Ceathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath
- Plean oibre bliantúil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ag teacht le spriocanna agus le torthaí an chláir, lena n-áirítear:
- Comharsanacht Dhátheangach Aoisbhách
- Comharsanacht Foghlama
- Méadú ar Thrácht Coise agus ar Bheogacht
- Méadú ar Dheiseanna chun an Ghaeilge a Úsáid
- Fás agus Comhpháirtíochtaí a Chomhordú
- Seachadadh oibríochtúil a chur i gcrích trí gach toradh a thiontú ina:
- Ghníomh tosaíochta
- Amlíne agus garsprioc
- Fhreagracht shoiléir
- Tháscaire sáinmhínithe agus tomhaiste dul chun cinn
- Feidhmiú mar phríomhphointe comhordaithe, chun comhtháthú a chinntiú idir gníomhaíochtaí cultúrtha, oideachais agus foghlama ar feadh an tsaoil, chomh maith le geilleagar áitiúil na Gaeilge.
- Deiseanna maoinithe a aithint agus a fhorbairt chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean oibre comhaontaithe agus le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach.
- Dul i dteagmháil le pobail agus le páirtithe leasmhara chun tosaíochtaí, seicheamhú agus seachadadh a threorú, agus a chinntiú go bhfreagraíonn gníomhartha do riachtanais áitiúla agus go gcuireann siad le spriocanna foghlama agus macasamhlaithe an tionscadail phíolótaigh.
- Cur i láthair agus tuairiscí a ullmhú don Ghrúpa Oibre, don Ghrúpa Stiúrtha agus d’Fhóram Cheathrú Ghaeilge BÁC agus do pháirtithe leasmhara eile.
- Grúpaí a spreagadh le bearnaí a líonadh ó thaobh soláthar seirbhísí agus imeachtaí as Gaeilge
- Feachtais feasachta don Cheathrú Ghaeilge a cheapadh, a eagrú agus a chur chun cinn
- Buiséad agus pleanáil an tionscadail a bhainistiú
- Dualgais eile de réir mar is gá
Cur síos ar an té a cheapfar
- Céim ábhartha nó taithí chuí.
- Taithí bainistíochta.
- Taithí ag plé le tionscadal nuathionscanta nó taithí fiontraíochta.
- Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla idir scríofa agus labhartha.
- Taithí ag bainistiú buiséid agus sreafaí airgid.
- Cumas tionscnaimh a ghlacadh agus daoine a spreagadh i dtreo cuspóirí comónta.
- Cumas iltascanna a bhainistiú agus tosaíochtaí a leagan amach go héifeachtach.
- Tuiscint dhomhain ar an nGaeilge mar theanga pobail agus taithí ag obair le pobail Ghaeilge.
- Cumas anailíseach agus cumas straitéisí oibre a fhorbairt.
- Inniúlacht i gcórais TF ábhartha (m.sh. Word, Excel, CRM, ríomhphost, meáin shóisialta).
Scála Tuarastail:
Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin, (de réir Chiorclán 07/2026, móide 1% faoi théarmaí an Chomhaontaithe Pá Seirbhíse Poiblí 2024–2026): €60,029.35 – €76,545.88. Chomh maith leis sin íocfar 5% den tuarastal mar sholáthar pinsin ach a chomhionann a bheith á íoc ag an bhfostaí tar éis dóibh an tréimhse promhaidh a bhaint amach.
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoi 22 Meitheamh @ 11:00rn
Faoi Chonradh na Gaeilge
Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéis sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.
Eolas eile:
- Tá an post seo maoinithe le tacacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ó Ghaeilge365, ó Bhord Oideachas agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath, ó Chonradh na Gaeilge agus ó BÁC le Gaeilge.
- Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Conradh na Gaeilge.
- Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl 30 Méitheamh in oifig Chonradh na Gaeilge, 66 Sráid Camden.
- Beidh an post seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

