Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Saor-aistritheoirí agus saor-athbhreithneoirí Gaeilge

1 Deireadh Fómhair 2026
Saorobair

Tá foireann ghairmiúil ardfheidhmíochta de theangeolaithe Gaeilge ag Context, agus tá borradh ag teacht ar an bhfoireann sin i rith an ama. Tá deiseanna iontacha ar fáil againn san iliomad réimsí (m.sh. oideachas agus na healaíona), agus sna conarthaí atá againn le heagraíochtaí náisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta araon.

Tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dúinn, agus cuireann sé lúcháir orainn i gcónaí a bheith in ann tacaíocht a thabhairt do theangeolaithe Gaeilge ina ngairmréimeanna. Cuirimid an-bhéim ar aire mhaith a thabhairt do na daoine a n-oibrímid leo. Cuirimid oiliúint ar fáil i dtaobh ár gcuid uirlisí, sreafaí oibre agus próiseas lena chinntiú go mbíonn gach rud is gá agat chun tosú ag obair linn.

Na scileanna agus na hinniúlachtaí ábhartha:

  • Cáilíocht i léann an aistriúcháin nó 2 bhliain nó níos mó de thaithí ar a bheith ag obair mar aistritheoir/athbhreithneoir
  • B’fhearr go mbeadh taithí agat ar uirlisí CAT (memoQ) a úsáid
  • Inniúlacht taighde
  • Cur amach ar shreafaí oibre aistriúcháin agus athbhreithnithe
  • Ba bhuntáiste creidiúnú Fhoras na Gaeilge a bheith agat ach níl gá leis

Déan teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil faoi raon feidhme agus éagsúlacht na hoibre atá ar fáil. Ba phléisiúr dúinn na deiseanna seo a phlé leat.

Guthán: +353 91 790255
Is féidir iarratais a chur isteach trínár suíomh gréasáin: https://webapps.context.ie/va/

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta