Ról piocadh agus pacála
7 Meán Fómhair 2026
Sealadach
Sa ról seo, beidh tú ag piocadh táirgí a ordaítear ar líne agus á bpacáil lena seoladh chuig custaiméirí.
Is é seo an tréimhse is gnóthaí den bhliain dúinn, ó seo go dtí an Nollaig, agus tá baill bhreise foirne á lorg againn chun cabhrú linn na horduithe ar líne a ullmhú agus a chur amach in am.
Ba chóir don iarrthóir a bheith eagraithe, tapa agus dícheallach.
Beidh 35 uair oibre sa tseachtain i gceist leis an ról seo.
Déan teagmháil le Clíona Standún ag cv@standun.com.
