Riarthóir Oifige
Tá post mar Riarthóir Oifige á thairiscint ag Tuismitheoirí na
Gaeltachta.
Cuireann Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh agus tacaíocht ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh.
Beidh an Riarthóir Oifige freagrach as seirbhísí rúnaíochta agus
fáilteachais na heagraíochta a riar agus as tacaíocht riaracháin a chur ar fáil.
Beidh an Riarthóir Oifige lonnaithe i bpríomhoifig TnaG ar an
gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
Tá tuarastal an phoist bunaithe ar scála pá d’Oifigeach Cléireachais sa tSeirbhís Phoiblí €31,495.12 – €49,364.12.
Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála.
Tá tuilleadh eolais faoin bpost seo agus conas iarratas a dhéanamh ar www.tuismitheoiri.ie
Dáta deireanach d’iarratais: 1.00in Déardaoin 16 Iúil 2026.
Tá sé i gceist ag TnaG liosta ionadaithe a bhunú mar chuid den
phróiseas earcaíochta seo, a fhéadfar a úsáid le haghaidh folúntais sa réimse seo amach anseo.
Is fostóir comhdheiseanna é Tuismitheoirí na Gaeltachta.

