Riarthóir Cuntas
30 Meán Fómhair 2026
Téarma Seasta
Déanann Kelsius córas a mhonarú, a dháileadh agus a chothabháil, córas a dhéanann monatóireacht gan sreang agus go huathoibríoch ar theocht agus ar shábháilteacht gach táirge bia, te agus fuar araon, chomh maith le cógais, samplaí fola agus ábhar cógaisíochta eile atá íogair ó thaobh teochta de.
Mar gheall ar fhás leanúnach, tá Kelsius ag earcú do ról Riarthóir Cuntas. Is deis spreagúil í seo chun páirt a ghlacadh i bhfeidhm Airgeadais an ghnólacht i ról a chlúdaíonn gnéithe éagsúla ar fud na roinne.
Tuilleadh eolais anseo.

