Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Post: Forbróir córais Intleacht Shaorga & Innealtóir Bogearraí le toilteannas obair trí Ghaeilge, SúilSiar Teoranta

20 Iúil 2026
Buan

Eolas ar SúilSiar agus ar ár bhfís

Is comhlacht teicneolaíochta oideachais é SúilSiar atá tiomanta chun soláthar suntasach a dhéanamh ar oideachas a chuirtear ar scoláirí trí theangacha mionlaigh i suíomhanna tumoideachais nó dhátheangacha. Tá os cionn 5,000 síntiúsóir ag SúilSiar agus tá conradh ilbhliantúil buaite againn rud a chinntíonn go bhfuil bunús láidir gnó lenár mbunardán múinteoireachta agus foghlama lán-Ghaeilge. Tugann an bunús seo deis dúinn fás agus táimid á dhéanamh seo chun cur le líon na gcustaiméirí atá againn inár margadh mar atá agus chun forbairt a dhéanamh i margaí nua.

Tá scoileanna tumoideachais iar-bhunleibhéil meán-Ghaeilge ar an gcéad margadh ina bhfuilimid ag cruthú an fhiúntais atá lenár dtogra agus ag dearadh réitigh nua teicneolaíochta ar fhadhbanna na hearnála. Tá sé mar sprioc againn an fhianaise seo atá againn a chur ag obair agus forbairt á dhéanamh againn chun tacaíocht a thabhairt do mhúineadh agus do fhoghlaim trasna ar theangacha agus ar churaclaim éagsúla. Agus fás ag teacht orainn táimid ag ullmhú ár n-ailtireacht teicneolaíoch chun tabhairt faoi na margaí nua seo in Éirinn agus níos faide i gcéin agus é mar sprioc orainn díriú ar theangacha mionlaigh eile agus ar earnálacha lasmuigh den oideachas. Tá uirlisí IS (AI) a thacóidh le scoláirí agus le múinteoirí laistigh den ardán atá againn cheana féin i mbun forbartha faoi láthair againn. Chun na tograí seo a bhrú ar aghaidh tá innealtóir uainn atá ábalta tabhairt faoi thograí go neamhspleách, atá ábalta táirgí a fhorbairt chun ár dtograí a bhogadh ó luath-chéimeanna go cruthú coincheapa go tástáil agus ansin go táirgí críochnaithe in am do láinseáil na dtáirgí seo sa dara ceathrú, 2027.

Cé gur comhlacht beag sinn ní bheidh tú ag códáil go haonarach ná ag obair go hiomlán leat féin. Beidh tú ag obair mar chuid d’éiceachóras comhoibríoch agus tú i mbun oibre le bunaitheoirí an chomhlachta, forbróirí ár n-ardán lipéid-bháin agus innealtóirí AI ó ranna taighde ollscoile. Feidhmímid i dtimpeallacht ard-iontaoibh áit gur féidir uaireanta oibre solúbtha a phlé sa chás go bhfeicimid tréan-iarracht agus dílseacht ón duine a cheaptar sa ról.

An Ról
Cad a dhéanfaidh tusa:

Beidh tú ar an gcéad forbróir laistigh den ghnó againn. Is ar sheachadadh trí sprioc ardleibhéil a bheidh do ról dírithe mar aon le cothabháil laethúil an ardáin agus tuairisciú go laethúil ag cruinnithe i measc na foirne.

  • Ceannasaíocht ar nascadh táirgí nua le cúl an ardáin: Is i dtimpeallacht Python/FastAPI an chúlra a bheidh tú chun ár dtáirgí AI nua a chur ag obair mar chuid dár gcórais. Beidh tú dírithe ar leid-innealtóireacht, eagrú API, agus eagrú píblínte RAG chun cruinneas an AI i leith an oideachais agus na teanga a chinntiú
  • Ceannasaíocht ar logánú agus ar nuashonrú an phríomhardáin: Glacfaidh tú úinéireacht ar UI an ardáin. Beidh teimpléid REACT in úsáid agat chun loighic sa chúlra a nascadh leis an ardán chun logánú, inrochtaine a chinntiú. Beidh deis anseo táirgí agus réitigh nua a fhorbairt do na hardáin éagsúla a bheidh againn.
    • Ullmhú na hailtireachta d’fhorbairt isteach i margadh na mbunscoileanna: Cuirfidh tú an bunús in áit dár n-ardáin bunscoile agus cuirfidh tú ardán lipéid-bháin in oiriúint do mhargadh na bunscoile in am don Samhradh 2027.

Eolas fútsa:

Baineann luach ard le taithí mar a bhaineann le léiriú ar thógáil praiticiúil thar am, baineann luach freisin le hardtuillteanas i gcúrsaí an oideachais. Tá tóir, ach go háirithe, againn ar cháilíochtaí tríú leibhéil a dhéanann teicneolaíocht agus teanga a chumasc (m.sh CSLL i gColáiste na Tríonóide). Ach, tá fianaise shoiléir a léiríonn cumas níos tábhachtaí ná rud ar bith eile. Bíodh is gur céimí ardchumais tú nó innealtóir ríomhairí a bhfuil suim agat inár misean a bhaineann leis an nGaeilge, baineann tú spreagadh ó na freagrachtaí agus na dúshláin a bhaineann le comhlacht óg a fhorbairt agus a mhéadú.

  • Tagann teic ar dtús: Is forbróir tú atá láidir ó thaobh Python/AI agus tá tú ábalta APInna a nascadh le chéile go rathúil agus tá tú ábalta bunachar sonraí a bhainistiú. Tá cur amach éigin agat ar React agus tá tú toilteanach tabhairt faoi é a fheabhsú agus beidh tú sásta teimpléid UI a úsáid chun obair ar an gcomhéadan a chur i gcrích.
  • Tá meon ar an dara tosaíocht: Is duine tú a réitíonn fadhbanna ar shlí réalaíoch, tá tú ábalta cruthú coincheapa a thógáil agus táirge láidir críochnaithe a fhorbairt as. Tá tú compordach obair a dhéanamh go haonarach, míniú a thabhairt ar choincheapa teicniúla do lucht éisteachta neamh-theicniúil agus tá sé ar do chumas do chuid smaointe féin ar tháirgí a chur chun cinn.
  • Bónas an teanga: Níl an chuid seo riachtanach ach chuirfeadh cumas nó suim sa Ghaeilge mar theanga na hoibre go mór le d’iarratas. Cabhróidh sé leat mionéagsúlachtaí sa UX a aithint agus measúnú a dhéanamh ar aschuir an IS cé go mbeidh tacaíocht ann duit i gcinntiú caighdeán na teanga.

Próiseas an Agallaimh

Tabharfaidh na hagallaimh deis dúinn aithne a chur ortsa ach tá sé riachtanach go mbeadh deis agatsa aithne a chur orainne freisin chun a bheith cinnte go mbeidh bunús maith oibre eadrainn; beidh tusa ag díol do chuid scileanna linne ach beimidne ag díol na físe leatsa ag an am céanna.

Beidh dhá chéim, ar a laghad, le próiseas an agallaimh, beidh céim bhreise leis an bpróiseas má chinntear o bhfuil gá leis.

  • Céad Agallamh (Céim a 1): Agallamh, i bpearsan, bunaithe ar do chúlra, na spriocanna atá agat agus ar do thaithí. Cuirfimid fís SúilSiar faoi do bhráid, foghlaimeoimid faoi na huaillmhiain atá agatsa agus cinnteoimid gur cleamhnas maith a bheadh eadrainn, ní bheidh an t-agallamh seo ró-theicniúil.
  • Dara Agallamh (Céim a 2): Comhrá praiticiúil, tionscnamh-bhunaithe ar a dhéanfar measúnú chun do chur chuige agus do chumas fadhbanna a réiteach a mheas.

Sonraí an róil & iarratas

  • Suíomh: Hibrideach (Dhá lá sa tseachtain ar an láthair)
  • Conradh: Lán-aimseartha (Fad gan sainmhíniú / 3 bhliain ar a laghad, tréimhse phromhaidh 6 mhí)
  • Tuarastal: €40,000 sa bhliain + 23 lá saoire
  • Iarratas: Cur chugainn CV agus litir chlúdaigh a dhéanann cur síos ar an gcúis go n-oireann an ról seo duitse agus ar cén fáth go spreagann ár bhfís IS a chruthú do theangacha mionlaigh tú. Is féidir iarratais a chur chugainn ag eolas@suilsiar.ie roimh an 20ú Iúil, cuir le do thoil, naisc a léiríonn obair atá déanta cheana agat nó próifíl GitHub chomh maith chugainn. Is féidir an t-iarratas a dhéanamh trí LinkedIn ag https://www.linkedin.com/jobs/view/4433798845/

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta