Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ollamh Cúnta le Gaeilge

18 Meitheamh 2026
Buan

Má tá gairm acadúil i scoil spreagúil agus chomhaontaithe, a chuireann obair ar shárchaighdeán ar fáil i gcúrsaí taighde, teagaisc agus tionchar sóisialta, á lorg agat, d’fhéadfadh an post mar Ollamh Cúnta le Gaeilge, i Scoil na Gaeilge, an Béarla, agus na Cumarsáide a bheith díreach oiriúnach duit. Cuirfidh an duine le cultúr taighde agus le foilseacháin acadúla Léann na Gaeilge agus le cultúr taighde na Scoile agus na Dáimhe i gcoitinne, ag leibhéal sárchaighdeáin.

Beidh fuinneamh agus uaillmhian acu maoiniú seachtrach taighde a lorg ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Beifear ag súil go nglacfaidh an duine a cheapfar páirt ghníomhach i bhforbairt, i dteagasc agus i riaradh na gcúrsaí fochéime agus iarchéime i Léann na Gaeilge.

Beifear ag súil leis go mbeidh uaillmhian acu mic léinn PhD a earcú agus a stiúradh i Léann na Gaeilge, agus go mbeidh straitéis chomhtháite taighde acu don am atá le teacht, dírithe ar a ngort féin laistigh de léann na Gaeilge agus ar chur chun cinn an disciplín trí chéile mar chuid de straitéis taighde na Scoile agus na Dáimhe.

Tuilleadh anseo

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta