Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Obair Óige

21 Lúnasa 2026
Téarma Seasta

Is post páirtaimseartha é seo (21 uair sa tseachtain).

Is eagraíocht óige í Feachtas a bhfuil sé mar aidhm aici an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus cuidiú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta. Déantar é seo trí chlubanna óige agus imeachtaí sóisialta a eagrú i gcomhpháirt leo, trí mheán na Gaeilge.

Tá clubanna óga againn i dTamhlacht, Baile Munna, Baile Lotrail agus Baile Brigín Tá an post seo mar Oifigeach Obair Óige á mhaoiniú ag an Roinn Leanaí agus Oideachais tríd an Scéim
Deontas do Sheirbhísí Óige.

Tá ár n-oifig i dTamhlacht, Baile Átha Cliath. Beidh rogha ann cianobair a dhéanamh ó am go chéile.

Príomhdhualgais an phoist:

  • Clubanna óige a mhaoirsiú faoi threoir an bhainisteora agus Choiste Ceannais Feachtas
  • Freastal ar chlubanna óige Feachtas sa tráthnóna
  • Tacaíocht agus traenáil a chur ar fáil do cheannairí agus do na baill óga
  • Cabhrú leis na clubanna cloí le polasaithe agus spriocanna na heagraíochta
  • Imeachtaí agus turais a eagrú mar chuid d’fhoireann Feachtas
  • Tacú le hiarratais ar dheontais agus tuairiscí a chomhlánú
  • Obair riaracháin
  • Obair ar na meáin shóisialta agus an suíomh idirlín a choinneáil suas chun dáta

Riachtanais:

  • Taithí ar obair óige (ar a laghad bliain amháin de thaithí ar obair óige)
  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
  • Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide
  • Scileanna maithe eagrúcháin agus riaracháin, lena n-áirítear scileanna ríomhaireachta
    Inmhianaithe:
  • Cáilíocht chuí sa Ghaeilge nó san obair óige nó a chomhionann
  • Ceadúnas glan tiomána agus teacht ar charr

Tuarastal: Is é an tuarastal don phost ná: €18 in aghaidh na huaire

Beidh traenáil ar fáil.

Iarratas:

  • Ní mór (i) litir iarratais agus (ii) CV iomlán a chur le ríomhphost chuig an Cathaoirleach ag
    eolas@feachtas.ie
  • Spriocdháta d’iarratais: 21 Lúnasa, 2026 17:00

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta