Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Gréasáin

10 Meitheamh 2026
Sealadach

TEIDEAL Oifigeach Gréasáin
LÍON FOLÚNTAS 2 (Beirt)
TUARASTAL €35,687 – €58,251 (Beidh an té a cheapfar ag tosú ag pointe 1 den scála)
TRÉIMSHE Iúil – Nollaig 2026. Tá féidearthacht ann go gcuirfear síneadh leis an tréimhse sin.

MAIDIR LINN An mhóraidhm atá ag Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí ná deiseanna a chruthú do na daoine atá fostaithe san Earnáil Phoiblí a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge:

  1. aithne a chur ar chomhghleacaithe fud fad na hearnála;
  2. bualadh leo ag ócáidí rialta Gaeilge/dhátheangacha;
  3.  comhluadar le Gaeilge a chothú ina dtimpeallacht oibre; &
  4. leas agus sult a bhaint as deiseanna siamsa, dioscúrsa agus caithimh aimsire trí Ghaeilge.

Tá sé beartaithe 4 mhór-imeacht a reáchtáil in aghaidh na bliana, mar aon le himeachtaí réigiúnacha, sainspéise agus eile a bheidh saor in aisce do bhaill an Ghréasáin.

PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ

  • Clár Ballraíochta an Gréasáin a bhainistiú;
  • Córais teagmhála agus aiseolais le baill chláraithe a fheidhmiú agus ballraíocht úr a spreagadh;
  • Sraith imeachtaí sóisialta, siamsa agus áineasa trí Ghaeilge a reáchtáil chun freastal ar bhaill an Ghréasáin Ghaeilge;
  • Tionscnaimh cairdis agus muintearais a fhorbairt d’fhonn grúpaí sainspéise a thabhairt le chéile faoi bhrat na Gaeilge;
  • Comhpháirtíochtaí a fhorbairt le hÁisíneachtaí Stáit, Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí & le hinstitiúidí na Earnála Poiblí;
  • Feasacht a ardú maidir le spriocanna, tairbhí agus imeachtaí Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí;
  • Nuachtlitreacha, feasacháin ócáideacha agus míreanna eolais i leith imeachtaí Gaeilge in Éirinn agus thar lear a eisiúint go rialta;
  • Ábhar Poiblíochta agus Feasachta a sholáthar do dhaoine ar mian leo an Ghaeilge a bheith lárnach i ngach ghné dá saol;
  • Tuairiscí rialta a chur ar fáil maidir le dul chun cinn; &
  • Dualgais eile de réir mar is gá.

RIACHTANAIS DON PHOST

  • Sárscileanna eagrúcháin agus cumarsáide;
  • Sárscileanna idirphearsanta;
  • Ardchaighdeán scríofa agus labhartha i nGaeilge agus i mBéarla;
  • Ábalta i mbun iltascála;
  • A bheith in ann oibriú de réir amspriocanna teanna;
  • Muiníneach, tiomanta agus ábalta feidhmiú go maith mar bhall d’fhoireann bheag;
  • Cur chuige cruthaitheach agus spreagúil i mbun oibre.

INMHIANAITHE

  • Cáilíocht Gnó / Riaracháin / Ríomhaireachta;
  • Taithí ar chruthú ábhar d’ardáin ilmheáin; &
  • Taithí ar reáchtáil imeachtaí.

Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus á riar ag An tOireachtas.

Fostóir comhionannas is ea An tOireachtas agus is í an Ghaeilge teanga oibre na Ceanneagraíochta.

Seol iarratas mar aon le CV, roimh 10 Meitheamh 2026, chuig: poist@antoireachtas.ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta