Oifigeach Gaeilge
Tá Leabhair Pháistí Éireann tiomanta gach léitheoir a áireamh inár gcuid oibre agus leis sin tugtar tiomantas straitéiseach páistí, daoine óga agus teaghlaigh a bhíonn ag léamh i nGaeilge a áireamh. Tá Oifigeach Gaeilge á lorg againn chun dul i mbun oibre dhá lá sa tseachtain, ag cur na Gaeilge chun cinn go hinmheánach agus ag déanamh maoirsiú ar na seirbhísí a chuireann an eagraíocht ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Beidh suim ag an iarratasóir a n-éireoidh leo i litríocht do pháistí agus eolas acu uirthi. Déanfaidh an té a n-éireoidh leo Straitéis na heagraíochta i leith na Gaeilge a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus déanfaidh ceangail straitéiseacha leis an earnáil. Oibreoidh siad leis an bhfoireann ar fad chun próifíl na Gaeilge a ardú, de réir acmhainní agus théarmaí tagartha na heagraíochta.
Tuilleadh eolais anseo



