Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Forbartha Pobail ( faoi oiliúint)

12 Meitheamh 2026
Téarma Seasta

GLEANN FHINNE CUIDEACHTA
FAOI THEORAINN RÁTHAÍOCHTA (GF CTR)
AN CLOCHÁN,CO DHÚN NA nGALL,F93 E304

FOLÚNTAS

Oifigeach Forbartha Pobail ( faoi oiliúint)

Tá Gleann Fhinne CTR ag earcú céimí ar chonradh oiliúna ar feadh dhá bhliain tríd ‘Scéim na gCéimithe’ le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tríd an scéim nua seo beidh deis ag céimí Gaeltachta,a bhfuil cáilíocht tríú leibhéal bainte amach acu le ceithre bliana anuas, taithí mhaith a fháil i réimse na forbartha pobail.

Beidh an post seo lonnaithe in Ionad Oidhreachta Isaac Butt, An Clochán,Co Dhún na nGall.

Beidh an té a cheapfar ag tacú leis an bhainisteoir i reáchtáil an Ionaid Oidhreachta agus beidh sé/sí freagrach do Bhord Stiúrthóirí Ghleann Fhinne CTR.

Ar na dualais beidh:

  • Pleananna a fhorbairt le cur le líon na gcuairteoirí chuig an Ionad Oidhreachta.
  • Tionscnaimh nua a bhunú agus a fhorbairt.
  • Bealaí a aimsiú le maoin a thiomsú do thionscnaimh reatha agus nua.

Tá tuilleadh eolais agus coinníollacha an phoist ar fáil ach ríomhphost a chur chuig docet4@gmail.com

Le hiarratas a dhéanamh seol CV agus litir chumhdaigh chuig:

An Cathaoirleach,
Gleann Fhinne CTR,
Ionad Oidhreachta Isaac Butt,
An Clochán ,
Co Dhún na nGall,F93 E304 roimh an 12ú Meitheamh 2026.

Is fostóir comhdheiseanna é Gleann Fhinne CTR.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta