Post is ea é seo lena mbaineann conradh 2 bhliain, ag tosnú go luath tar éis ceapadh an duine oiriúnach.
Critéir Riachtanacha
- Ardchaighdeán ó thaobh scríobh agus labhairt na Gaeilge.
- Ardscileanna ríomhaireachta.
- A bheith in ann obair as a stuaim féin agus faoi threoir Coiste.
- Ardscileanna pearsanta agus cumarsáide.
- Cumas pobal Gaeilge a fhorbairt in Eaglais na hÉireann.
- A bheith in ann obair as baile.
- Spás cuí oibre/oifig a bheith ar fáil sa bhaile.
- A bheith in ann taisteal ar fud na tíre.
- Láncheadúnas tiomána.
- Rochtain ar ghluaisteán.
Seol litir iarratais agus CV roimh an Aoine 19ú lá de Mheitheamh 2026 i ríomhphost chuig jhscannell@gmail.com
Beidh na hagallaimh ar siúl go luath.
Tuarastal: le deimhniú.