Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Múinteoirí agus Ceartaitheoirí

31 Lúnasa 2026
Téarma Seasta

Múinteoirí agus ceartaitheoirí á lorg ag Gaelchultúr

Reáchtálaimid cúrsaí ar bhonn leanúnach agus freastalaíonn siad ar fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais, idir ghlantosaitheoirí, dhaoine a bhfuil roinnt Gaeilge acu agus chainteoirí líofa. Bíonn múnlaí éagsúla i gceist i gcás ár gcuid cúrsaí, e.g. dianchúrsaí lae, cúrsaí 20 seachtain, ranganna oíche agus ranganna ag an deireadh seachtaine. Déantar an chuid is mó den teagasc beo ar líne ach bíonn cúrsaí sa seomra ranga i gceist go minic freisin.

Tá painéal páirtaimseartha múinteoirí agus ceartaitheoirí ag Gaelchultúr agus bímid ag féachaint i gcónaí le cur leis an bpainéal sin. Más spéis leatsa a bheith ag múineadh agus/nó ag ceartú linn, seol do CV chuig poist@gaelchultur.com. Má thagann aon obair mhúinteoireachta/cheartúcháin chun cinn a mheasaimid a bheadh oiriúnach duit, rachaimid i dteagmháil leat chun agallamh a shocrú.

Tuilleadh eolais

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta