Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Maor Iarscoile in Iarscoil an Aingil Choimhéadaí – Céideadh

4 Meán Fómhair 2026
Téarma Seasta

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Mhaor Iarscoile in Iarscoil an Aingil Choimhéadaí, Céideadh, Ailt an Chorráin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F94W084.

Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí idir cúig bliana agus dá bhliain déag d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann.

Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 04/09/2026. Seoladh ríomhphoist: ciara@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Tuilleadh anseo.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta