Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Léachtóir le Gaeilge, conradh sainchuspóra (Saoire mháithreachais)

27 Lúnasa 2026
Saoire Mháithreachais

Fáilteofar roimh iarratais do cheapachán mar Léachtóir le Gaeilge, conradh sainchuspóra (saoire mháithreachais), 1 FTE in Ollscoil na Gaillimhe, ag tosú an 14ú Meán Fómhair nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. Beidh an duine a cheapfar ina chomhalta de Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr.

Roinn bhisiúil í Roinn na Gaeilge atá tiomanta don sármhaitheas sa teagasc agus sa taighde i réimsí éagsúla de Léann na Gaeilge ó luath-thréimhse go dtí an ré chomhaimseartha. Tá scoláire cumasach, fuinniúil á lorg i réimse na Nua-Ghaeilge. Cuirfidh an té a cheapfar le cláir theagaisc agus thaighde na Roinne, idir chláir Ghaeilge agus chláir idirdhisciplíneacha i gcomhpháirt le comhghleacaithe san Ollscoil. Tacóidh teagasc agus taighde an té a cheapfar le cur i bhfeidhm straitéis Roinn na Gaeilge mar a bhfuil béim ar na mórthéamaí seo a leanas: an chruthaitheacht; an inbhuanaitheacht; an chomhpháirtíocht. Chuige sin:

  • Beidh dochtúireacht sa Ghaeilge, nó i réimse comhionann, ag an duine a cheapfar, chomh maith le taithí ar theagasc.
  • Beidh an duine a cheapfar in ann an Ghaeilge a theagasc, lena n-áirítear teanga, litríocht agus cultúr, i réimsí taobh amuigh dá speisialtóireachtaí féin, ar chláir fhochéime agus
    iarchéime i Roinn na Gaeilge.
  • Beidh an duine a cheapfar in ann gnáthobair riaracháin a bhaineann leis an ábhar agus le Roinn na Gaeilge a chomhlíonadh.
  • Beidh an duine a cheapfar in ann dualgais uile an phoist a chomhlíonadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Ní mór iarratais a bheith faighte faoi 17:00 (Am na hÉireann) an 27ú Lúnasa 2026. Ní fhéadfar iarratais a gheofar tar éis an spriocdháta a bhreithniú.

Tuilleadh eolais anseo

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta