Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oibrí Luathbhlianta Páirtaimseartha in Ionad Cúraim Leanaí Charna

16 Meitheamh 2026
Téarma Seasta

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Luathbhlianta Páirtaimseartha in Ionad Cúraim Leanaí Charna, Co. na Gaillimhe.

Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann agus cáilíocht FETAC/QQI leibhéal a cúig nó sé i gCúram Leanaí. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.

Ag obair ó Luan go hAoine, ón 1.00i.n. – 6.00i.n.

Ráta pá: €16.50 – €18.50 in aghaidh na huaire, ag brath ar cáilíochtaí.

Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 091 595337.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 16/06/2026. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta