Iniúchóir Inmheánach Dátheangach (Ardoifigeach Feidhmiúcháin) sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) forbairt tuaithe agus phobail agus an Ghaeilge chun cinn. Tugann siad tacaíocht do phobail bheoga, ionchuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann agus leagtar béim ar acmhainneacht phobail agus aontacht shóisialta a neartú agus ar chabhair a thabhairt maidir le pobail a chumasú chun gur féidir leo dul i ngleic le dúshláin atá rompu faoi láthair agus a bheidh rompu amach anseo.
Ról ar aon chéim le grád an Ardoifigigh Feidhmiúcháin, grád ag leibhéal na meánbhainistíochta sa Státseirbhís, is ea ról an Iniúchóra Inmheánaigh Dhátheangaigh. Beidh ar an Iniúchóir
Inmheánach ról tábhachtach a ghlacadh in athbhreithniú na bpróiseas rialaithe inmheánach sa Roinn chun cabhrú leis an Roinn a nósanna imeachta a fheabhsú.
Ní mór d’iarrthóirí a n-éiríonn leo a bheith ina mbaill cháilithe d’Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha nó a bheith ina mbaill iomlána nó a bheith i dteideal a bheith ina mbaill iomlána (i.e. pas faighte sna scrúduithe deiridh) d’fhoras cuntasaíochta forordaithe ar a ndéanann Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (ÚMICÉ) maoirseacht agus bliain, ar a laghad, de thaithí iniúchóireachta (iarcháilíochta) a bheith acu, lena n-áirítear eolas agus taithí ar na Caighdeáin Dhomhanda um Iniúchóireacht Inmheánach.
Bainfear úsáid as an bpainéal a bhunófar ón gcomórtas seo chun folúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn d’Iniúchóirí Inmheánacha Dátheangacha (leibhéal an Ardoifigigh Feidhmiúcháin) i mBaile Átha Cliath, i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo, nó sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, a líonadh.
Tá sonraí uile an phoist, lena n-áirítear riachtanais cháilitheachta ar leith, le fáil ar https://bit.ly/Tua_Ad_IIDAF
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga/, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Is é 3i.n. Déardaoin an 23 Iúil 2026 an dáta deireanach ar a nglacfar le hiarratais chomhlíonta.
Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.

