Tá Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr ag lorg duine fuinniúil, cruthaitheach, neamhspleách agus cumasach a bhfuil ardscileanna cumarsáide acu le bheith ag obair mar Fheidhmeannach Margaíochta. Conradh 6 mhí atá i gceist leis an ról seo agus beidh obair ó chian i gceist chomh maith.
Ní mór d’iarrthóirí caighdeán réasúnta ard Gaeilge a bheith acu, taithí a bheith acu ar na meáin shóisialta agus cur amach a bheith acu ar fheidhmchláir deartha.
Tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí; gnáthuaireanta oibre. Beidh deiseanna ag an té a cheapfar oiliúint a fháil sa chomhlacht féin agus taobh amuigh de.
Is féidir le hiarrthóirí tuilleadh eolais a fháil anseo: https://www.gaelchultur.com/ga/jabanna/feidhmeannach-margaiochta
Déan teagmháil le poist@gaelchultur.com
