Feidhmeannach Ilmheán & Cruthaitheoir Ábhar
Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.
Tá an Conradh ag lorg duine le bheith mar Fheidhmeannach Ilmheán & Cruthaitheoir Ábhar.
Cur síos ar an bpost:
Faoi stiúr Bhainisteoir Seachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta agus Buanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an bhFeidhmeannach Ilmheán & Cruthaitheoir Ábhar, na dualgais a leanas a dhéanamh:
- Físeáin a ghlacadh agus a chur in eagar ó imeachtaí feasachta agus na hearnála
- Comhordú agus anailís a dhéanamh ar na meáin shóisialta de chuid scéal.ie agus cúnamh a thabhairt le cuntais eile freisin
- Nuachtlitir scéal.ie a sheoladh go rialta
- Cur le híomhá dearfach na teanga
- Tacú le cur i gcríoch beartas cumarsáide
- Tacaíocht a chur ar fáil do na mór-réimsí eile
- Dualgais eile de réir mar is gá
Cur síos ar an té a cheapfar
- Cáilíocht tríú leibhéal atá in oiriúint don phost nó taithí a chomhionann
- Ardscileanna físeagarthóireachta
- Taithí leis na meáin shóisialta & bogearraí lena haghaidh
- Scileanna maithe cumarsáide le baill foirne agus leis an bpobal
- Scileanna agus taithí le dearadh
- Bheadh taithí le suíomhanna idirlíne ina buntáiste don ról
- Ardchaighdeán Gaeilge scríofa agus labhartha
Scála Tuarastail:
Oifigeach Feidhmiúcháin, Ciorclán 07/2026 – €38,803 – €63,227. Caithfear an post a ofráil ag bun an scála. Chomh maith leis sin, íocfar 5% den tuarastal sa bhreis ar an tuarastal mar sholáthar do phinsean an fhostaí tar éis dóibh an tréimhse phromhaidh a chur i gcrích.
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoi Déardaoin 13 Lúnasa @ 11:00rn
Eolas breise:
- Bíonn Conradh na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda & bíonn cúraimí uile-oileánda ag gach fostaí dá réir sin
- Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl ar an Déardaoin 20 Lúnasal thar Zoom.
- D’fhéadfadh go mbeadh cianobair i gceist leis an bpost seo ach beidh ar a laghad lá sa tseachtain le déanamh in oifigí Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath nó oifig eile de réir mar is gá
- Bheimís ag súil go mbeadh an té a cheapfar ar fáil le freastail ar imeachtaí na heagraíochta agus na hearnála mar chuid
- Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháinden ról. Beidh taisteal rialta ar bhonn náisiúnta i gceist
- Tá an post seo maoinithe ag Foras na Gaeilge



