Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cúntóir Teagaisc le Fiontar & Scoil na Gaeilge – Conradh 10 mí

23 Iúil 2026
Téarma Seasta

Tá Cúntóir Teagaisc á lorg ag Fiontar & Scoil na Gaeilge. Is iad príomhchúramí an phoist ná ábhar teagaisc a ullmhú, an teanga a theagasc, agus plé rialta le measúnachtaí. Tugann an post seo deis luachmhar d’iarrthóirí cur lena bhforbairt phearsanta laistigh de thimpeallacht nuálaíoch, thacúil. Mar eolas, tá uastréimhse fostaíochta dhá bhliain acadúla ag baint leis an gceapachán seo.

Dualgais agus Freagrachtaí

Is iad seo a leanas príomhdhualgais agus freagrachtaí an phoist:
Teagasc Faoi threoir léachtóirí na Scoile, cuirfidh an Cúntóir Teagaisc an tacaíocht seo a leanas ar fáil:

  • Ábhar teagaisc a réiteach do na seimineáir teanga ar na cláir éagsúla agus é a mhúineadh
  • Aiseolas a thabhairt do mhic léinn ar mheasúnachtaí na measúnachtaí (tascanna teanga, etc.) a mharcáil faoi threoir comhordaitheoirí modúl
  • Scrúduithe cainte a mheasúnú agus scrúduithe/measúnachtaí scríofa ceann cúrsa a mharcáil ag na hamanna cuí faoi threoir na gcomhordaitheoirí modúl
  • Aon bhreischúraimí riaracháin a bhaineann leis an teagasc teanga a chur i gcrích, de réir mar a iarrfaidh an Ceann Scoile nó a (h)ainmní

Tacaíocht do Mhic Léinn

  • Plé le fiosrúcháin ó mhic léinn maidir le hábhar na modúl teanga – i gcruinnithe, ar r-phost, nó ar líne, i gcomhairle leis na comhordaitheoirí modúl
  • Ócáidí a reáchtáil a chuirfidh le dul chun cinn na Gaeilge san Ollscoil.

Rannpháirtíocht Sheachtrach

  • Cabhrú le hearcú mac léinn agus le gníomhaíochtaí margaíochta na Dáimhe, amhail an Lá Oscailte agus imeachtaí eile, faoi stiúir an Chinn Scoile
  • Cabhrú le hionduchtú mhic léinn na Chéad Bhliana, faoi stiúir an Chinn Scoile

Cáilíochtaí agus Taithí

Beidh bunchéim (Leibhéal 8) sa Ghaeilge ag iarrthóirí (grád 2:1 sa Ghaeilge féin) agus tá cáilíocht iarchéime (Leibhéal 9) sa Ghaeilge inmhianaithe, mar aon le líofacht sa teanga agus ardchaighdeán sa ghramadach agus sa teanga scríofa.

Ní mór dóibh scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta a bheith acu, suim a léiriú i gconair foghlama na mac léinn, agus a bheith toilteanach cur le reáchtáil éifeachtach na Scoile. Ní mór d’iarratasóir ainmneacha beirt mholtóirí a chur leis an C.V. (uimhir ghutháin agus rphost)

Scála Tuarastail: € 35,726.00 – € 39,256.00 p.a.

Seol léiriú spéise agus CV chuig an Dr Gearóidín Uí Laighléis gearoidin.uilaighleis@dcu.ie agus chuig Kate Ní Ghallchóir kate.nighallchoir@dcu.ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta