Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Comhordaitheoir Tionscadail x 2, Foraois

8 Meitheamh 2026
Buan

Samhlaigh domhan ina leanann gach dalta a bhfuil Gaeilge líofa acu ag labhairt a dteanga mar theanga pobail dá shaol ar fad? Má lasann an fhís seo splanc ionat, tar ag obair linn mar Chomhordaitheoir Tionscadail le Foraois

Is scéim nua í Foraois atá á forbartha ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Gaeilge365, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus leis an Roinn Oideachais & Óige. Díríonn Foraois ar ghaelphobail a fhorbairt timpeall ar Ghaelscoileanna, ag cinntiú go bhfuil rogha clár agus cumann trí Ghaeilge ar fáil do pháistí lasmuigh de gheataí na scoile ina bpobail féin.

Is deis iontach í seo bheith páirteach i gceann de na scéimeanna is spleodraí atá tagtha chun cinn le tamall de bhlianta. Teastaíonn duine uainn le huaillmhian ina gcroí, duine a bhfuil fonn air samhail a chruthú is féidir a leathnú mórthimpeall na tíre.

Beidh beirt le fostú mar Chomhordaitheoir Tionscadail i gceantracha éagsúla i mBaile Átha Cliath, agus iad beirt ag plé le cnuasaigh Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí sa cheantar sin.
Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Conradh na Gaeilge, díreoidh siad ar fhás agus ar fhorbairt ‘Foraois’ sa líonra scoileanna.

Cur síos ar an bpost

Faoi stiúir Chlárbhainisteoir Fhoraois, beidh sé de dhualgas ar na Comhordaitheoirí Tionscadail na dualgais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Tionscadail phobail agus óige trí mheán na Gaeilge a phleanáil, a chomhordú agus a chur i bhfeidhm.
  • Comhpháirtíochtaí a fhorbairt agus a chothú idir Gaelscoileanna, Gaelcholáistí, tuismitheoirí, eagraíochtaí pobail agus seirbhísí áitiúla.
  • Tacú le forbairt cumainn, clár agus tograí a spreagann úsáid laethúil agus fadsaoil na Gaeilge sa phobal.
  • Cuairteanna rialta a shocrú ar na scoileanna,lena ndaltaí, lena múinteoirí agus lena dtuismitheoirí a spreagadh le páirt a ghlacadh sna tionscadail agus sna cumainn atá beartaithe sa cheantar.
  • Taighde a dhéanamh ar bhearnaí seirbhíse agus ar riachtanais teanga sa phobal áitiúil.
  • Scéimeanna nuálacha (e.g. spórt, ealaíon, fostaíocht) a fhorbairt atá dírithe ar úsáid na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga.
  • Cláir agus cumainn a chomhordú sa phobal agus eolas a scaipeadh i measc an phobail trí chainéil éagsúla cumarsáide.
  • Monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar thionchar an tionscadail ar úsáid na Gaeilge sa phobal.
  • Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an tionscadail ag cruinnithe, ag ócáidí agus ag fóraim pobail.

Cur síos ar na hiarrthóirí a ceapfar

  • Céim ábhartha nó taithí cuí (m.sh. Oideachas, Obair Phobail, Gaeilge, Forbairt Óige, Bainistíocht Tionscadal, Gnó).
  • Taithí ag plé le tionscadal pobal agus óige
  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla idir scríofa agus labhartha
  • Cumas iltascanna a bhainistiú agus tosaíochtaí a leagan amach go héifeachtach.
  • Tuiscint dhomhain ar an nGaeilge mar theanga pobail agus taithí ag obair le pobail Ghaeilge..
  • Inniúlacht i gcórais TF ábhartha (m.sh. Word, Excel, CRM, ríomhphost, meáin shóisialta).
  • B’fhearr go mbeadh ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr ag an té a cheapfar

Scála Tuarastail:

Oifigeach Feidhmiúcháin, Ciorcalán 07/2026 – €38,419 – €62,601. Chomh maith leis sin íocfar 5% den tuarastal mar sholáthar pinsin ach a chomhionann a bheith á íoc ag an bhfostaí tar éis dóibh an tréimhse promhaidh a bhaint amach.

Faoi Chonradh na Gaeilge

Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéis sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.

Spriocdháta:

Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoin 8 Meitheamh 2026 ag 11:00.

Eolas eile:

  • Tá an ról seo fostaithe ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus leis an Roinn Oideachais
  • Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl Dé Céadaoin 17 Meitheamh 2026 thar Zoom
  • Beidh an post seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta